Ag gabháil na scoile agus eagla orthu roimh na beithígh, chaitheadh a máthair a dhul amach agus iad a thabhairt na bhaile. Shiúladh siad na scoile costarnocht, scoil an Toirr. Jimí Pheadair Shéamuis Bháin a bhí ag teagasc. Bhí dhá fhód móna leo na scoile. Bhí an máistir crua orthu agus ghlac Nóra fuath don scoil.